Baile
https://c2.staticflickr.com/2/1954/45313899351_7188bdfb48_o.jpg

SEOLADH

Léarscáil digiteach Turas Chonamara - an Cheathrú Rua


Domhnach 16 Feabhra, 10.30am

Scoil Náisiúnta Mhic Dara, an Cheathrú Rua

Fáilte roimh chách

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Arna chruthú ag Ríonach Ní Néill & Macalla Digital Heritage Services, arna léiriú ag Ciotóg & Milestone Inventive, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, arna chomh-mhaoiniú ag FLAG (Fisheries Local Area Group), le tacaíocht ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus RTÉ Radio na Gaeltachta
 

Dhá choismeig agus léim ó Chathair na dTreabh atá Gaeltacht Chonamara. Talamh íseal clochach, áit a gcasann tonn le trá, an duirling leis an gcloch eibhir. Breac le góilíní, gaineamh agus oileáin, is í an Ghaeilge teanga an phobail anseo. Tá cultúr na teanga beo beathach agus traidisiún an cheoil, damhsa, litríocht agus ceardaíocht á sheachadadh ó ghlúin go glúin, rud a fhágann a shliocht sa dlúthbhaint atá idir an talamh agus a phobal.

 

Tugann TURAS CHONAMARA cuireadh dhuit an teanga agus an tírdhreach a fheiceáil mar a fheiceann muintir na háite é. Breathnaigh dhuit fhéin ar an tírdhreach álainn agus bí páirteach in imeachtaí áitiúla i gcomhluadar mhuintir na háite.

 

Faigh an aip TURAS CHONAMARA, lean an mapa digiteach agus closamhairc AN ÁIT AB ÁIL LIOM agus bain sásamh as cultúr béaloidis agus litríocht na háite. Éist le scéalta, amhráin agus ceol agus tú ag siúl na dúiche ónar eascair siad. Tabhair cluais do mhuintir na háite, a roinnfidh scéilíní leat faoin áit gur áil leo fhéin.

 

Tabhair cúirt ar FAOI RÚN, taispeántas ealaíne faoin spéir ina bhfuil ról lárnach ag an aimsir i léiriú saothair ealaíne a dhéanann iniúchadh ar an phlé idir tírdhreach, aeráid agus cultúr.

 

Cuir aithne ar mhuintir na Gaeltachta agus a dtraidisiúin in SIÚLACH SCÉALACH, sraith seónna bóthair, ceardlanna, cainteanna agus ceolchoirmeacha beaga in áiteanna faoi leith agus beidh tú faoi gheasa agus faoi dhraíocht.  

Cruthaigh an léarscáil linn

An bhfuil eolas agat gur mhaith leat a chur ar léarscáil do cheantar Gaeltachta? An bhfuil íomhá, dinnseanchas, scéal, dán, amhrán, nó píosa eolais eile agat a bhaineann le do cheantar? Má tá, Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Arna chruthú ag Ríonach Ní Néill, arna léiriú ag Ciotóg & Milestone Inventive, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, arna chomh-mhaoiniú ag FLAG (Fisheries Local Area Group), le tacaíocht ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus RTÉ Radio na Gaeltachta